Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie
National - Event Notice
Thursday January 01 1970

Cruinniú: Oifig an Choimisinéara Teanga & Athbhreithniú Acht na dTeangacha

category national | history and heritage | event notice author Friday November 25, 2011 18:04author by Club Leabhar Nua Eabhrac

#SabhailAnCoimisineir
sabhail.jpg

Am

2 Nollaig · 14:00 - 17:00

Áit

http://www.facebook.com/pages/Pillo-Hotel-Spa-Galway/24...45378

Bóthar Áth Cinn

Gaillimh, Ireland

Cruthaithe Ag

http://www.facebook.com/cnag.ie

 

 

Tá cruinniú práinneach á eagrú ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta le cás Oifig an Choimisinéara Teanga agus leis an athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a phlé.

Reáchtálfar an cruinniú in Óstán Pillo, Bóthar Áth Chinn (trasna ó Óstán Menlo Park) i nGaillimh ar an Aoine, 02 Nollaig 2011, ag 2.00in.

D'fhógair an Rialtas an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist acu Oifig an Choimisinéara Teanga a dhúnadh mar oifig reachtúil neamhspleách, agus a chuid feidhmeanna ar fad a chur isteach faoi Oifig an Ombudsman mar chuid dá phlean athchóirithe don earnáil poiblí.

Tá seo le déanamh in ainneoin gur fógraíodh athbhreithniú poiblí maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla ag tús na míosa, athbhreithniú go bhfuil ról agus feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga ag a chroílár.

D'eagraigh muid agóid lasmuigh den Dáil an tseachtain seo caite le cur
in iúl don Rialtas láithreach ár míshástacht agus uafás leis an
gcinneadh tubaisteach atá glactha acu.

Tá na grianghraif ón agóid tobstailce seo le feiceáil ag http://www.facebook.com/media/set/?set=a.2639847165186....36060 agus is féidir an preasráiteas ar an ábhar a léamh ag https://cnag.ie/index.php?page=news&news_id=245.

Ba mhaith linn feachtas láidir a aontú leis an méad is mó de phobal na Gaeilge agus Gaeltachta taobh thiar de chun an cinneadh maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga a throid agus brú damanta a chur ar an Rialtas go dtí go ndéanfar an cinneadh a fhreaschuir. Tar, tacaigh linn agus scaip an scéal!


http://www.indymedia.ie/article/100972

Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.