Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Druideadh Páipéar Nuachtán Bascach eile?

category international | miscellaneous | news report author Friday July 04, 2003 11:31author by Seán

An seachtain céanna inár sheoladh an nuachtán nua Bascaise, Berria, cúpla mí tar éis druideadh Egunkaria, bhí stát na Spáinne, tríd an Bord Leasa Sóisialta ag fearadh cogadh ar nuachtán eile Bascach.

An seachtain céanna inár sheoladh an nuachtán nua Bascaise, Berria, cúpla mí tar éis druideadh Egunkaria, bhí stát na Spáinne, tríd an Bord Leasa Sóisialta ag fearadh cogadh ar nuachtán eile Bascach. An uair seo ba é an nuachtán laethúil dá-theangach GARA a bhí na fórsaí Spáinneach dírithe air.

D’ordaigh Státchiste Ginerálta an Leasa Shóisialta Spáinnise ar Baigorri, an comhlacht dar leis an nuachtán laethúil Bascach GARA agus KIE, an comhlacht a phriontálann an nuachtán, go gcaithfear fiacha de €5,1m, fiacha de chuid nuachtán eile, EGIN, a druideadh i 1998 ag an Breitheamh Garzón, a íoc leo.

Lean an bhreithimh céanna le páirtí polaitiúla (Herri Batasuna, EH, Batasuna), eagraíochtaí óige (Jarrai, Haika, Segi), foras Bascach (Udalbitza), Ardáin Féinchothaíochta toghchána (AUB-Autodeterminaziorako Bilgunea) a mídhleathú, chomh le Egunkaria, an t-aon nuachtán Bascais, a dhruideadh.

Creideann Kepa Landa, gur í “príomhchúspóir an ordú ná druideadh an dá chomhlacht agus mar sin de, deireadh a chur leis an nuachtán laethúil Bascach GARA agus chan mar ar mhaithe leo go creidtear, chun fiacha an Bord Leasa Shóisialta a chomhlíonadh”.

Deir an GTSS (litrithe Spáinnise) go bhfuil comharbais chomhlachta ann idir an Grúpa Orain a d’fhoilsigh EGIN, agus Baigorri agus KIE a fhoilsíonn GARA (nó go bunúsach gur an chomhlacht chéanna iad). Leis sin san áireamh, táthar ag iarraidh ar Baigorri agus KIE fiacha EGIN, atá i ndiaidh a dhúbalú ó dhruideadh an chomhlacht i 1998.

I ndiaidh d’ionadaí dhlí an dá chomhlacht an t-ordú ón GTSS a anailísiú, maíonn sé nach raibh “aon bunús dlíthiúil ná loighciúil, i dtaca le dlí-eolaíocht agus na dlíthe a bhaineann le comharbais chomhlachta de, leis an ordú seo”.
“Tá sé soiléir go bhfuil inspreagadh polaitiúl ag baint leis an cinneadh seo”, a d’admhaigh, an tUas. Landa. Lean sé gur, “iarracht atá ann a fháil réidh leis an nuachtán laethúil”.

Tugtar go dtí an 5ú de mhí Iúil don dá chomhlacht na fiacha de €5,1m a íoc. Tar éis an dáta sin tosaítear ‘brú’ a chur ar an chomhlacht, mar a mhíníonn an tUas Landa,
“I ndiaidh an dáta sin tá an deis ag an Leasa Sóisialta méid na bhfiacha a thógáil ó socmhainní an dá chomhlacht, cé go bhfuil achomharcadh in aghaidh na cinnidh ar siúl againn. In ainneoin gur go sealadach a bheadh sé seo, chun aon fiacha teoiriciúil a chomhlíonadh, chiallfadh sé an fhorghabh de shocmhainní an dá chomhlacht, maoin ar dtús báire agus ansin cuntais bainc agus socmhainní eile.”

Tá foireann de chomhairleoirí dhlí an dá chomhlacht ag obair go dian le nach dtarlódh seo. Tá tús curtha le achomharc in gcoinne na cinnidh agus maíonn go bhfuil go leor fáthanna go n-éireodh leo san achomhairc seo.

“Má fheiceann muid ar an tréimhse atá tar éis a dhul thart, cúig bliana atá ann ón dáta a tharla an comharbais chomhlachta líomhanta seo, níor chóir gur spreagadh í seo chun brú eacnamaíochta láithreach a chur ar an dá chomhlacht tríd a gcuid socmhainní a ghabhadh. Ba chóir go nglacfar béim an bhrú seo ar chomhlachtaí dlíthiúil eile san áireamh chomh maith”, a mhíníonn an tUas Landa.

Ar bharr sin feictear go bhfuil fadhbanna leis an phróiseas achomhairc ó tharla go bhféidir socmhainní na gcomhlachta a ghabhadh fiú i rith cás achomhairc, agus cé go dtugtar na socmhainní má bhíonn bua ag na comhlachtaí bheadh an damaiste dodheisithe.

Tá píosa eolas tábhachtach eile bainte leis an chás seo nach bhfuil luaite in ordú an Bord Leasa Shóisialta.
‘Sé sin go raibh cúig bliana ag an Bord Leasa Shóisialta chun socmhainní an Grúpa Orain (atá fagtha mar a bhí siad agus iad ag baileadh deannach) a ghabhadh.

Thiocfadh leo na socmhainní seo a ghabhadh in aon am agus ní dhearna siad sin. I dtéarmaí airgeadas de, ní dhéanann sé ciall €5,1m a éileamh ó na comhlachtaí seo nuair ar féidir leo mórchuid de na fiacha a chomhlíonadh tríd socmhainní an Grúpa Orain a ghabhadh.

De réir, an tUas. Landa, “Is é an cheist ar chóir a chur ná cén fáth nach raibh suim acu socmhainní an Grúpa Orain a ghabhadh?” Leanann sé, “agus anois táthar ag dul i ndiaidh comhlachtaí eile nach bhfuil baint dá laghad acu leis na socmhainní sin”.

Ó thaobh dearcadh an phobail Bascach de, léirigh an tUas Landa, “chomh maith leis an eagla a mhothaíonn daoine, tá iontas orthu faoin leithscéal atá a thabhairt, an leithscéal de chomharbais comhlachta, go h-áirithe nuair atá a fhios ag cibé duine agus fiú an buneolas dlí acu, nach dtiocfadh i ndóigh ar bith, i dtéarmaí dlí de, le comharbais chomhlachta bheith ann”. Lean sé, “Tá sé dodhéanta gur tharla comharbais chomhlachta nuair nár aistrítear úinéireacht nó socmhainní na comhlachtaí.”

Is cosúil go bhfuil dearmad déanta ag an Bord Leasa Shóisialta go marthain comhlachtaí an Grúpa Orain agus nár athchuirtear leo. Lena chois sin, “tá na comhlachtaí céanna faoi chúram breitheamh agus dlí. Muna aistrítear eilimintí oibiachtúil nó suibiachtúil den chomhlacht, cad go díreach a d’aistrítear agus leis sin, cá bhfuil an comharbas?”, a d’fhiafraigh an tUas Landa.

Ach críochnaíonn an tUas Landa go deimhneach nó dá réir, “má tá oiread agus an méid is lú meas ag na cúirte ar a dlí-eolaíocht agus dlíthe féin ní féidir leo ach rialú ar ár son.”



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.