Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Agallamh le Seosamh O'Ceallaigh

category donegal | history and heritage | feature author Sunday August 07, 2005 04:28author by Paul Baynes

Agallamh faoi an teanga, stair, cultúr agus oidhreacht - with English language translation

Is é Seosamh O’Ceallaigh acadúil, údar, staraí áitiúl is cainteoir dúchasach as Fhál Carrach i gContae Dún na nGall. Bhí mé ar chúrsa Gaeilge i Gort an Choirce ar feadh seachtain i Mí Meitheamh. Bhí Seomsamh ag múinteoireacht ar an gcúrsa, agus bhí seans agam caint leis faoi oidhreacht Éireannach agus an teanga Gaeilge.

Sliocht gearr ón agallamh:

Bhí meas i gcónaí ar an Gaeilge againn. Tá suim iontach agam sa teanga sa cultúr fosta, agus ansin bhí deis agam staidéar a dhéanamh air. Ansin fhuair mé PHD - rinne mé é ar stair áitiúl.

Tá níos mó i gceist ná stair áitiúl ach amháin just stair agus pointí agus dátaí. Bhí na daoine beo agus do múnlaigh an timpealleacht iad…do múnlaigh na sagairtí iad…do múnlaigh na tiarnaí talamh iad. Bhí sé sin iontach suimiúl - how they were shaped - múnlaigh - how they were moulded by the landlords and the people and the priests - tá sé iontach suimiúl agus na effects a bhí orthu.

24-6-2005; Óstán Loch Altan; Gort a Choirce; iarthuisceart Dún na nGall.

Paul Baynes: Tá mé anseo le Seosamh O’Ceallaigh

Seosamh O’ Ceallaigh: As Fál Carragh mise.

PB: As Fál Carragh …Just cúpla ceist, mar bhí a lán rudaí suimiúl le rá agat sa ranganna agus tá a lán eolas agat faoi stair áitiúl agus mar sin de.

SOC: B’fhéidir go mbeidh an téip seo luachmhar amach anseo.

PB: Tá an cóip ceart agam.

[Gáire]

Ar dtús, cén nasc atá idir an cultúr agus an teanga, meas tú?

SOC: Ó, sin ceist iontach mór - is ionann cultúr - a tagann sé ón Laidin ‘cultare’ - agus tá na focail Béarla ‘cultivate’, nó ‘agri-culture’ - is ionann sin agus fás. Áit ar bith caitheann teanga agus an cultúr bheith fite fuaithe - muna bhfuil, ní maireann de anam ag an teanga. Caitheann siad a bheith fite fuaithe agus naisceathe, so tá ceangal láidir idir an cultúr agus an teanga. Tugann an cultúr cothaigh don teanga agus tugann an teanga cothaigh don cultúr.

Cothaíonn siad le chéile ag fás, agus cuireann tú i gcás mar shampla tionchar an Críostaíocht - sin pairt ár gcultúr agus ár stair. Seo ré órga na hÉireann. idir an cúigú agus an seachtú aois: na manaí agus Naomh Colmcille agus Bríde agus Naomh Pádraid agus na leithéidí sin. Smaoinú go raibh tionchar acusan ar an teanga cur i gcás laethanta na seachtaine: Dé Luain, Dé Máirt: Dé - God; agus mar shampla Dé hAoine - the fast, Dé Céadaoin - the first fast day. So bíonn tionchar ag aithin ré de na ndaoine ar an teanga, agus sin just léarghas ar sampla amháin.

Agus is dóigh go bhfuil tionchar sa lae inniú. Muidne agus an Gaeilge atá again fosta. Tá an teanga i gcónaí ag fás agus ag athrú. Cur i gcás ár gcultúr anois - táimid inniú bheith pc agus na leithéidí sin- politically correct - Bíonn chuid mór tionchar ar sin ar an teanga…

Tá níos mó atá i gceist anseo - i bhfad níos mó.

PB: Agus faoi an Gaeilge go háirithe, mar shampla, cad atá caillte nuair a d’athraigh logainmneacha ó Gaeilge go Béarla - cad atá caillte againn?

[Nóta ón agallóir: Scríobh O‘Ceallaigh san leabhar ‘Aspects of Our Rich Inheritance’ faoi logainmneacha:
“Identifying a place name can lead to a discovery about our ancestors. They gave these names because of the nature and use of the land, and what it meant to them“.]
SOC: Bhuel - muna dtuigeann duine go bhfuil rud caillte níl sé chun dul ar bith ar cuardú.

Agus is léir sin sa cultúr atá muid in sa lae inniú

Ta dearmad déanta again ar cuid mhór rudaí, agus má thógann tú na logainmneacha atá againn na easát atá i mBaile Átha Cliath, mar shampla Sycamore Drive, agus Cedar Drive - fochall atá ann agus really táimid ag sodar i ndiadh na Sasanaigh - an bacadh ag dul i ndiadh an budadh - the poor person following the wealthy mar a deirtear. Táimid ag cur suas chóras na Sasanaigh in áit a bhí ár logainmneacha fhéin. Tá an saibhreas millte ar ár logainmneacha. Mar a dúirt mé sa rang, tá thart 70,000 acu. Tugann sé léargas dúinn don cineál stair a bhaineann len ceantar.

PB: Tabhair dom cúpla samplaí?

SOC: Drumnatinney - Drum na Tine - Hill of Fire - is léir gur rud tábhachtach a bhí ann. Cur i gcás ansin Bealtaine leis an lá dúinn -Baltony… tine go dtí an dia Baal.

Go háitiúl - tá Baltony go bhfuil iomrá orainn - na Cille Beaga - Killybegs - the small cells, Doire…

PB: Cad é an stair atá ar na cille beaga?

SOC: B’fhéidir go raibh manaí ansin - Nílim cinnte ach tá mé ag smaoineamh go raibh manaí ann agus cille beaga thart air. Cur i gcásDoire - Doire Colm Cille - the forest of Colmcille (níos mó eolais faoin logainm Doire) - tá Léim an Mhadaigh - Limavaddy.

[Nóta ón agallóir: Sa seanscéal, ag an áit seo Léim an Mhadaigh - (Leap of the Dog), bhí madra chlúiteach a léim thar an abhainn Rua chun rabhadh a thabhairt, mar bhí namhaid éigin ag teacht chun ionsaí a dhéanamh gan choinne.]
Tugann sé léargas dúinn ar an stair agus an míniú atá leis. Tá cuid mhór samplaí ann. Shílim go bhfuil athbheochan ann anois ó thaobh na logainmneacha a cur suim i bhfad níos mó daoine ann. Tá sé iontach suimiúl just mar baint stair - iontach suimiúl.

An bhfuil sé sin all right?

PB: Agus stair - Tá an-suim agat sa stair agus stair áitiúl -

SOC: Sea - tá

PB: Ar mhaith leat déan cur síos beag ar…?

SOC: Tá seanfhocal - tá cúpla insint ar an seanfhocal seo.

dochloiste...

Agus caithfidh mé a rá gur is iomaí rud a fágann athar ag mac mar oidhreacht - there’s a lot of things a father gives a son as an inheritance - b’fhéidir páirt nó airgead nó rud mar seo mar sin - bhí mé cinnte gur rud a tugann m’athair liomsa - tá sé beo anois - thug sé dúinn ná meas agus grá don cultúr don teanga don oidhreacht, agus bhí grá i gconaí ag m‘athair do na rudaí sin fosta. Fhadaigh liom an grá céanna a bheith agam. Bhí mé ar maos sa rud sa bhaile - I was steeped in the stuff at home. Agus ó mo mhathair fosta.

PB: Agus seanscéalta…

SOC: Agus seanscéalta. Agus hanna mhaith ansin múinteoir scoil a bhíonn Dad agus bhí sé i gconaí ag bailiú scéalta agus bhí tuiscint aige… Chaith sé iomlán den saol a bhí aige anseo - bhí sé ag obair i Carrigart agus ...dochloiste... Ach chónaí sé anseo - bhí siopa aige. Bhí meas i gcónaí ar an Gaeilge againn. Tá suim iontach agam sa teanga sa cultúr fosta, agus ansin bhí deis agam staidéar a dhéanamh air. Ansin fhuair mé PHD - rinne mé é ar stair áitiúl.

Tá níos mó i gceist ná stair áitiúl ach amháin just stair agus pointí agus dátaí. Bhí na daoine beo agus do múnlaigh an timpealleacht iad…do múnlaigh na sagairtí iad…do múnlaigh na tiarnaí talamh iad. Bhí sé sin iontach suimiúl - how they were shaped - múnlaigh - how they were moulded by the landlords and the people and the priests - tá sé iontach suimiúl agus na effects a bhí orthu.

PB: Ar an ábhar sin, cad é do thuarim faoi stair atá múinte sa scoil?

SOC: Ah - Sin ceist. Bhuel, tá sé furásta a bheith diúltach - agus mar a deireann siad - Dúirt Naomh Francis - naomh iontach suimiúl é, agus bhí dearcadh measartha maith aige ar an timpeallacht agus dúirt sé rud amháin suimiúl fosta ná: “a spoon of honey is better than a barrell of vinegar“. So, nuair a cuireann tú ceisteanna ormsa is fearr níos mó mol a thabhairt ná bheith diúltach.

Ach maidir leis an chóras oideachais sílim go bhfuil cuid mór rudaí nach bhfuil i gceart. Cur i gcás na leabhair scoile. Sílim nach bhfuil an aird ceart ar ár stair agus ar ár gcultúr. Agus go háirithe an ré luachmhar - an ré órga a bhí againn idir an cúigiú agus an seachtú aois - nach bhfuil an focus ceart…

PB: An béim ceart?

SOC: Nó an béim ceart a chur ar, just mar shampla ar sin. Níl ach dhá caibidil amháin sna leabhair meanscoile don iarmhúinteoir scoile. Thug mé sin faoi deara agus is mór an trua é sin. Chuir mise an ceist - tá mise ag déanamh an cúrsa seo le na daoine atá ag obair sa Stáit Serbhíse - cé mhéid acu a léigh scéal Naomh Patrick nó an Confession of St. Patrick.

PB: Dúirt tú sa rang go raibh ach dó dhéag leathnach.

SOC: Sea, dó dhéag leathnach beagáin - is beag duine atá sé léite acu agus cén sort scathán sin ar an Córas Oideachais go dtí nach raibh sin déanta sa scoil? Fiú amháin do mbéadh eagrán páiste déanta den leabhar. Go hanna mhaith ansin na scéalta Naomh Colmcille agus Naomh Brigid. Táimid ag brath ar na múinteoirí scoile le sin a dhéanú.

Sílim gur chóir do na daoine atá ag cur amach na leabhair seo - á fiú amháin an Roinn Oideachais - rud a dhéanann siad chun bheith cinnte go bfhuil níos mó meas againn ar ár stair fhéin

Tá béim mór ar cultúr arís agus ar na cultúr eile atá ag teacht isteach go dtí an tír seo. Ach tá mise den tuaraim cuireann fáilte roimh sin. Tá meas iontach agam ar cultúr eile agus ar creideamhe eile…na Mulsimí agus na Giúdach agus na Hindus, tá an staidéar déanta agam ar sin fosta. Ach táimid i gcónaí ag smaoineamh ar na daoine eile. Caithfimid smaoineamh faoi dúinn fhéin fosta agus bí cinnte go bhfuil a fhios againne ar ár stair fhéin. Sílim go bhfuil locht ansin agus socraíonn ansin chun sin a roinnt - to share that - agus na daoine tá anseo - nuair tagann siad anseo.

To be able to explain to these foreigners that are coming in - seo an cultúr atá againn - this is our culture and this is what it’s about.

Níl airgead ar bith ansin agus an t-aon rud, agus b’fhéidir sin an fáth nach bhfuil meas ag daoine ar an stair agus an oidreacht agus an cultúr agus tá sin le feiceáil mar shampla sna Seandálaíocht - The old historical or archaeological sites.

PB: Cosúil le Tara

SOC: Ah, yeah - tá siad ag milliú áit - níl fhios maith go leor agam ar Tara ach tá sé siumiúl - agus dá mbéadh siad ag déanamh dochar don ceantar sin nár chóir sé dul ar aghaidh ach níl fhios agam an scéal leis an bóthar sin.

Caithfidh mé a rá go bhfuil sé iontach deas seo a leathan an bliain seo obair libhse - nílimse ag múineadh sibh nó ag léachtóireacht ach ag obair libh - foghlaimse an cuid is mó - déanaim cuid mó foghlaim a bhíos anseo libhse, agus an am céanna bíonn sibh ag roinnt stuff liomsa. Tá sé le feiceáil go bhfuil suim ag na daoine ar an gcúrsa seo sa Gaeilge ón Stáit Serbhíse.

Agus b’fhéidir gur síleann daoine sa Gaeltacht nach bhfuil sé ann - nach bfhuil Gaeilge ann agus nach bhfuil siad - nach bhfuil an rialtas ag déanamh go leor dó. Tá. Tá Gaeilge ann agus tá sé iontach dáiríre faoi sin agus sin ard moladh.

PB: Go raibh maith agat, a Sheosaimh - bhí sé ar fheabhas

SOC: Beidh sé seo lúchmhar…


http://www.indymedia.ie/article/71332

Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.