Seasamh ar son na bPalaistíneach
Tá oifigigh i Roinn Gnóthaí Eachtracha Iosrael i ndiaidh tabhairt le fios d'iriseoir leis an nuachtán laethúil Iosraelach The Jerusalem Post, go bhfuil Éire ar na tíorthaí is naimhde do Iosrael. Agus dar leo go bhfuil rialtas na hÉireann chomh naimhdeach céanna is atá an preas anseo. Cáineadh an 'toxic enviroment' in Éirinn i dtaca leis an easpa tuisceana ar chás Iosrael.
Luaigh na hoifigigh Iosraelacha go háirithe litir a sheol an polaiteoir Chris Andrews chuig an Irish Times Dé Sathairn seo thart, litir a mhol go seolfaí Ambasadóir Iosrael abhaile agus a thug 'sceimhle an stáit' ar ionsaithe Iosrael ar Gaza.
Luaíodh fosta agallamh a rinne stáisiún raidió le Yigal Palmor, Ambasadóir Iosrael in Éirinn Dé Sathairn seo thart nuair a fiafraíodh den Ambasadóir 'Nár cheart go mbeadh náire ar Iosrael?'
A thuilleadh...