Independent Media Centre Ireland     http://www.indymedia.ie

Úsáid na Gaeilge sna Cúirteanna

category national | rights, freedoms and repression | press release author Tuesday August 11, 2009 16:07author by Ceithearna Coille Nua Eabhrac

Cearta agus Cothrom na Féinne:

Deá chleachtas idirnáisiúnta
Ar 10.45 rn, in Ostán Europa, Béal Feirste

3750996262_00191b81be.jpg

Faoi Act 1737 um Riar na Córa (Teanga)(Éireann) tá cosc iomlán go fóill ar úsáid na Gaeilge sna cúirteanna ó thuaidh. I mí Iúil 2009, chuaigh na Gaeil chuig an Ard-Chúirt le dúshlán a chur roimh an sean dlí seo ach theip ar an chás. Beidh seans ag daoine cluinstin faoin chás agus na chéad chéimeanna eile. Le tacú leis an ócáid mar aoíchainteoir speisialta ar an chóras cúirte i gCeanada, beidh Coimisinéir Ceanadach na dTeangacha Oifigiúla, An tUas. Graham Fraser.

Tá clú agus meas ar Graham Fraser, Coimisinéir Ceanadach na dTeangacha Oifigiúla, mar iriseoir agus údar a bhfuil tuairim is daichead bliain de thaithí iriseoireachta aige.

Mar Choimisinéir Teanga, is oifigeach Pharlaimint Cheanada é a bhfuil dualgais éagsúla air le spriocanna reachtaíocht teanga Cheanada, Acht na dTeangacha Oifigiúla, a chur chun cinn agus a bhaint amach. Áirithíonn cuid de na dualgais seo go gcloíonn forais fheidearálacha leis an Acht, ag seasamh le cearta teanga na gCeanadach agus ag cur chun cinn dúbailteacht teanga agus dátheangachais. Le linn slí bheatha fhada agus an-dearscnaithí a thrasnaigh easaontas teanga Cheanada, thuairiscigh an t-Uas.

Fraser, sa Fhraincis agus sa Bhéarla, ar eisiúintí a théann i bhfeidhm ar Cheanada agus ar Cheanadaigh a chuimsíonn beartas eachtrach agus cultúir; díospóireachtaí agus idirbheartaíochtaí bunreachtúla; agus polaitíocht chúigeach, náisiúnta agus idirnáisiúnta.

http://www.pobal.org/uploads/documents/bilingual%20invi...e.pdf

tuilleadh eolas: http://tinyurl.com/LingvaPunaLegxo



Indymedia Ireland is a media collective. We are independent volunteer citizen journalists producing and distributing the authentic voices of the people. Indymedia Ireland is an open news project where anyone can post their own news, comment, videos or photos about Ireland or related matters.