New Events

International

no events posted in last week

Blog Feeds

Anti-Empire

Anti-Empire

offsite link The Wholesome Photo of the Month Thu May 09, 2024 11:01 | Anti-Empire

offsite link In 3 War Years Russia Will Have Spent $3... Thu May 09, 2024 02:17 | Anti-Empire

offsite link UK Sending Missiles to Be Fired Into Rus... Tue May 07, 2024 14:17 | Marko Marjanović

offsite link US Gives Weapons to Taiwan for Free, The... Fri May 03, 2024 03:55 | Anti-Empire

offsite link Russia Has 17 Percent More Defense Jobs ... Tue Apr 30, 2024 11:56 | Marko Marjanović

Anti-Empire >>

The Saker
A bird's eye view of the vineyard

offsite link Alternative Copy of thesaker.is site is available Thu May 25, 2023 14:38 | Ice-Saker-V6bKu3nz
Alternative site: https://thesaker.si/saker-a... Site was created using the downloads provided Regards Herb

offsite link The Saker blog is now frozen Tue Feb 28, 2023 23:55 | The Saker
Dear friends As I have previously announced, we are now “freezing” the blog.  We are also making archives of the blog available for free download in various formats (see below). 

offsite link What do you make of the Russia and China Partnership? Tue Feb 28, 2023 16:26 | The Saker
by Mr. Allen for the Saker blog Over the last few years, we hear leaders from both Russia and China pronouncing that they have formed a relationship where there are

offsite link Moveable Feast Cafe 2023/02/27 ? Open Thread Mon Feb 27, 2023 19:00 | cafe-uploader
2023/02/27 19:00:02Welcome to the ‘Moveable Feast Cafe’. The ‘Moveable Feast’ is an open thread where readers can post wide ranging observations, articles, rants, off topic and have animate discussions of

offsite link The stage is set for Hybrid World War III Mon Feb 27, 2023 15:50 | The Saker
Pepe Escobar for the Saker blog A powerful feeling rhythms your skin and drums up your soul as you?re immersed in a long walk under persistent snow flurries, pinpointed by

The Saker >>

Public Inquiry
Interested in maladministration. Estd. 2005

offsite link RTEs Sarah McInerney ? Fianna Fail supporter? Anthony

offsite link Joe Duffy is dishonest and untrustworthy Anthony

offsite link Robert Watt complaint: Time for decision by SIPO Anthony

offsite link RTE in breach of its own editorial principles Anthony

offsite link Waiting for SIPO Anthony

Public Inquiry >>

Human Rights in Ireland
Indymedia Ireland is a volunteer-run non-commercial open publishing website for local and international news, opinion & analysis, press releases and events. Its main objective is to enable the public to participate in reporting and analysis of the news and other important events and aspects of our daily lives and thereby give a voice to people.

offsite link Julian Assange is finally free ! Tue Jun 25, 2024 21:11 | indy

offsite link Stand With Palestine: Workplace Day of Action on Naksa Day Thu May 30, 2024 21:55 | indy

offsite link It is Chemtrails Month and Time to Visit this Topic Thu May 30, 2024 00:01 | indy

offsite link Hamburg 14.05. "Rote" Flora Reoccupied By Internationalists Wed May 15, 2024 15:49 | Internationalist left

offsite link Eddie Hobbs Breaks the Silence Exposing the Hidden Agenda Behind the WHO Treaty Sat May 11, 2024 22:41 | indy

Human Rights in Ireland >>

Briogáidí Idirnáisiúnta go Cúba

category international | anti-war / imperialism | opinion/analysis author Monday July 07, 2003 12:18author by Seán Report this post to the editors

Is í an cheist atá á cur agam ná an bhfuil slí eile ann chun ár laethanta saoire a chaitheamh, gan ár gcuid airgid a chur i bpócaí rialtais an chogaidh is déanaí.

Tá muid ag teacht chuig an am sin den bhliain arís a thosaíonn na comhlachtaí turasóireachta ag obair lenár mealladh chuig Mallorca, Gran Canaria, an Tuirc nó eile. Agus más ar an ollscoil atá tú, is cinnte go raibh tú báite faoi thonn fógraí don J1 go dtí na Stáit Aontaithe.

Ach is í an cheist atá á cur agam ná an bhfuil slí eile ann chun ár laethanta saoire a chaitheamh, gan ár gcuid airgid a chur i bpócaí rialtais an chogaidh is déanaí (páirt a dó san Iráin i gceann cúpla míonna?)?

Nó níos fearr arís, trínár laethanta saoire a chaitheamh ann, an féidir linn tacaíocht a léiriú do thíortha eile ina bhfuil gluaiseachtaí nó rialtais a bhíonn ag streachailt faoi chuing ‘rialtais an chogaidh’?

Bhí fonn orm i gcónaí dul go Cúba, mar shampla, agus anuraidh fuair an seans nuair a bhuail mé le ball de chuid an Ghrúpa Thacaíochta Chúba i mBaile Átha Claith ag caint de chuid Aleida Guevara (iníon Che).

D’inis sé dom faoi na Briogáidí oibre a théann amach go Cúba agach bliain ón tír seo agus shocraigh mé dul ann.

Bhain mé an oiread sin suilt as an bhriogáid gur eagraigh mé caint ar an mBriogáid nuair a d´fhill mé, rud a mholann go leor d’eagraithe na mBriogáidí Idirnáisiúnta, nó níl an t-airgead nó na baill acu chun dul san iomaíocht i ndáiríre le comhlachtaí móra turasóireachta.

Anseo thíos, tá na ceisteanna a chuir mé ar Declan McKenna ó Ghrúpa Tacaíochta Chúba faoin mBriogáid Idirnáisiúnta Oibre:

Cad chuige a roghnaíonn daoine dul go Cúba?
“Fáthanna éagsúla – le tacaíocht polaitiúil a léiriú, mar shampla amháin; i gcás daoine eile, is mian leo an dul chun cinn sóisialta agus a thionchar a fheiceáil; daoine eile, téann siad de bharr na fiosrachta. Don chuid is mó, ámh, téann daoine go Cúba chun foghlaim faoi Chúba, chun foghlaim faoin Réabhlóid agus chun fáil amach cad a dhéanann Cúba difriúil.”

Cad é go díreach é an Bhriogáid Idirnáisiúnta Oibre?
“Grúpaí as eagraíochtaí dlúthpháirtíochta ó cheann ceann na hEorpa a chomhdhéanann Briogáid Idirnáisiúnta Oibre. Cónaíonn na Brigadistas ar feadh 3 sheachtain i gcampa atá tógtha go spéisialta don Bhriogáid agus atá lonnaithe i ndeas do Havana, áit a gcuidíonn siad le hobair thalmhaíochta agus obair thógála taobh le Cúbaigh.

Glacann na Brigadistas páirt i gclár leathan, a chlúdaíonn cuairteanna ar scoileanna, ospidéil, ceardchumainn agus monarchana agus dá thoradh sin, faigheann an Brigadista léargas áirithe ar shaol an ghnáthdhuine sa tsóchaí Cúbach agus tugann sé seans dóibh bualadh le gnáth-Chúbaigh.

“Tá an Bhriogáid Oibre eagraithe ar bhonn oideachais agus polaitiúil – tugtar an deis do dhaoine foghlaim faoi Chúba agus faoi mhuintir Chúba agus tacaíocht a léiriú do cheart féintreoraithe Chúba.

Eagraítear an Bhriogáid dhá uair sa bhliain i gcomhar le ICAP (Instituto Cubano de Amistad con los Pueblos) chun tacaíocht a léiriú le muintir Chúba agus lena Réabhlóid trín obair, an éisteacht, an fhoghlaim agus fiú amháin trína bheith ansin, dar le McKenna.

“Tá na Briogáidí Oibre go Cúba a n-eagrú le tríocha bliain anuas (cé gur seo an t-aonú bhliain déag don Bhriogáid Oibre Éireannach dul go Cúba) agus chuidigh siad le go mór le líonra domhanda d’eagraíochtaí dlúthpháirtíocht a bhunú.”, ar seisean.

Caitear an chéad choicís ag obair agus an tseachtain dheireannach ar thuras treoraithe thart timpeall ar Chúba.

Nuair a bhí mé féin ann, bhí an t-ádh linn gur tugadh muid ar cuairt chuig Iarsmalann Che Guevara. Cuimhneachán iontach ar fad a bhí ann.

Deir paimfléid eolais de chuid an Ghrúpa Tacaíochta Chúba gur chóir cuimhneamh, in ainneoin an dul chun cinn iontach atá déanta ag Cúba le blianta anuas, gur tír i mbéal forbartha í atá ag dul i ngleic le smachtbhannaí geilleagracha, neamhchinnteacht faoi ola agus faoi phraghasanna príomh-earraí, agus neamhchothromaíocht i dtaca le trádáil idirnáisiúnta de. Deir an paimfléad, leis, gur féidir go n-aimseoidh Brigadista lochtanna ar an chóras i gCúba ach go dtagann na Cubaigh orthu freisin agus gur sin an fáth go gcreideann siad go bhfuil an Réabhlóid ag leanúint leis.

Cé atá i dteideal dul leis an Bhriogáid?
“Caithfidh Brigadistas bheith ina mball de Ghrúpa Tacaíochta Chúba (ach is féidir ballraíocht a shaothrú le d’iarratas).

Bíonn daoine ó gach cinéal cúlra, aois agus ceantar in Éirinn ag dul leis Bhriogáid.

“Bíonn ar na Brigadistas bheith in ann comhoibriú lena chéile, uaireanta faoi bhrú agus bheith sásta páirt a ghlacadh in obair dlúthpháirtíochta Chúba nuair a fhilleann siad.”, deir McKenna.

De réir Ghrúpa Tacaíochta Chúba, tugann an Bhriogáid seans do dhaoine tacaíocht phraicticiúil a léiriú don phobal Cúbach ar laethanta saoire oibre i gCúba, taobh le Brigadistas eile ó gach cearn den Eoraip agus mic léinn Chúbacha.

Bíonn an bhriogáid ar siúl dhá uair sa bhliain, i mí Mheán Fómhair (30 Lúnasa - 20 Meán Fómhair) agus i mí na Nollaig (13 Nollaig 2003 - 03 Éanair 2004). Is iad na dátaí deiridh do na Briogáidí Oibre ná deireadh mhí Meitheamh agus deireadh mhí Mheán Fómhair.

Thug Declan an cinéal eolais seo domsa agus mé ag fiosrú faoin Bhriogáid Oibre anuraidh ach mar a d´fhoghlaim muid agus muid ansin, níor tugadh an eolas céanna do roinnt de na Brigadistas as tíortha eile.

Bhí roinnt Brigadistas ann a chaith a gcuid ama ag gearán faoi seo agus siúd eile agus de bhrí sin, chaill siad amach ar shaol shóisialta an champa; ar na díospóireachtaí agus an greann a bhí againn le Luis (comhordaitheoir an champa), ar na cluichí peile faochmhara idir tíortha Ceilteacha (agus an Bhreatain) agus tíortha an Meánmhuirí, ar na hoícheanta salsa nuair a rinne muid go léir amadáin dínn féin, agus ar ndóigh an seanleaid ón Ghréig a choinnigh an chraic ar siúl go luath sa maidin lena bhosca ceoil.

Bhain an chuid is mó againn an-sult as an mBriogáid agus ‘beidh muid ar ais’ ach mar a d’fhoghlaim na Brigadistas ón Iorua, ní fiú dul ar an mBriogáid Oibre muna bhfuil uait ach laethanta saoire saor i gCúba.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoi na Briogáidí ón Cuba Support Group,
15 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2
Fón: (01) 8436448, 087 6785842
ríomhphost: cubasupport@eircom.net

author by Seánpublication date Tue Jul 08, 2003 09:57author address author phone Report this post to the editors

An tusa an "Eddy The Aggravator" s'againn. Dóibh nach bhfuil ar an eolas, is Meiriceánach an eite dheis amach is amach é ar fhoram "Eddy The Aggravator" Ireland.com.

"Táim cinnte nach raibh drogall oraibh filleadh ar ais...chun bhur saolta meánaicmeach compórdach a leanúint. Fanaigí thall agus cuidigi leis an reabhlóid (mall)agus beimid go léir sásta"
Níl eolas ar bith agat orm.
Ní dheirfinn gur ón meánaicme mé, ná go bhfuil saol compórdach agam.
Agus bheadh fonn orm fanacht nó tá an oiread sin daoine anseo in Éirinn le do dhearcadh féin go gcuirfeadh sé as d'éinne fanacht in Éirinn, ach má tá muid chun an tír seo a athrú ní fiú éalú agus rialú na tíre a fhágfadh chuig daoine le do dhearcadhsa.

Tá sé i gcónaí deas cómhra a bheith againn as Gaeilge ar Indymedia, fiú le do dhearcadh ionsaitheach.

author by Seáinínpublication date Tue Jul 08, 2003 03:12author address author phone Report this post to the editors

chun bhur saolta meánaicmeach compórdach a leanúint. Fanaigí thall agus cuidigi leis an reabhlóid (mall)agus beimid go léir sásta.

author by Seánpublication date Mon Jul 07, 2003 15:10author address author phone Report this post to the editors

Dá Suíomh Deireanach

Ar an mBriogáid don tSamhraidh seo.

30 Lúnasa - 20 Meán Fómhair 2003


* LAST TWO PLACES *

International Work Brigade to Cuba

30 August - 20 September 2003

author by aunty trotpublication date Mon Jul 07, 2003 13:15author address author phone Report this post to the editors

as they wont be able to understant the cupla focal (too nationalist for da comrades)

 
© 2001-2024 Independent Media Centre Ireland. Unless otherwise stated by the author, all content is free for non-commercial reuse, reprint, and rebroadcast, on the net and elsewhere. Opinions are those of the contributors and are not necessarily endorsed by Independent Media Centre Ireland. Disclaimer | Privacy